Froebel College of Education

Coláiste Oideachais Froebel

Roinn na Gaeilge

An Ghaeilge
Coláiste Oideachais Froebel

Is í an teanga labhartha an ghné is tábhachtaí agus is taitneamhaí d'fhoghlaim na Gaeilge. Uirthi sin atá an bhéim sa Churaclam Nua (1999). Molaimid do mhic léinn gach deis a thapú chun an Ghaeilge a labhairt agus táimid lánsásta gach tacaíocht is cabhair a chur ar fáil chuige sin. Tá an Coláiste ag iarraidh timpeallacht dátheangach a chur chun cinn go mór. Ní haon iontas mar sin go bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil ar fud an choláiste i measc na mac léinn.

Aidhmeanna:
  1. Go mbainfidh na mic léinn taitneamh agus tairbhe as foghlaim na Gaeilge sa chaoi is go spreagfaidh siad an díograis chéanna sna páistí a bheidh faoina gcúram.
  2. Scileanna cumarsáide na mac léinn sa Ghaeilge, idir éisteacht, labhairt, scríobh agus léamh, a fhorbairt agus a fheabhsú.
  3. Go bhfaighidh na mic léinn tuiscint agus cur amach ar chultúr na Gaeilge.
  4. Go gcuirfidh na mic léinn an tuiscint agus an cur amach úd chun tairbhe a gcuid múinteoireachta.

Cur síos gonta ar chúrsa na Gaeilge:
I ngach bliain, leagtar an bhéim ar scileanna cumarsáide na mac léinn a fheabhsú, go háirithe an chaint. Cuirtear ranganna teagaisc ar siúl do ghrúpaí beaga ina gcuirtear deiseanna cainte ar fáil do gach duine.

Sa chéad bhliain, déanfar staidéar freisin ar litríocht nua-aimseartha na Gaeilge, idir fhilíocht agus dhrámaíocht. Sa dara bliain déanfar staidéar ar an scéalaíocht do pháistí óga.

Sa tríú bliain déanfar staidéar ar ghné amháin de litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.

Scéim Scoláireachtaí Fhoras na Gaeilge
Buíochas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, is mór an chúis áthais don Choláiste é go bhfuil sé in ann scoláireachtaí a thairiscint do mhic léinn sna réimsí thíosluaite:

Gaelscoileanna - scoláireachtaí ar fáil dóibh siúd a dhéanann cleachtadh múinteoireachta i nGaelscoil

An Teanga Labhartha - scoláireachtaí ar fáil dóibh siúd a dhéanann an dul chun cinn is mó ón gcéad bhliain go dtí an dara bliain

Modhanna múinte - Áiseanna teagaisc: scoláireachtaí ar fáil do na tionscadail is fearr i Modhanna Múinte na Gaeilge sa dara bliain is sa chúrsa iarchéime. Foilseofar iad mar phacáiste áiseanna do mhúinteoirí bunscoile.

An Cumann Gaelach
Cumann Gaelach sa choláiste agus tá Seomra Caidrimh i mBloc Naomh Tomás. Is iad Eimear Ní Néill agus Laoise Ní Chléirigh Oifigigh Ghaeilge Aontas na Mac Léinn 2008.

An Ghaeltacht:
Caithfidh gach mac léinn dhá thréimhse coicíse nó tréimhse amháin trí seachtaine a chaitheamh sa Ghaeltacht le coinníollacha na Roinne Oideachais a shásamh. Más mian leat tréimhsí breise a chaitheamh sa Ghaeltacht, cuireann Oideas Gael (Gleann Cholm Cille, Dún na nGall), Áras Mháirtín Uí Chadhain (Gaillimh) agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Ciarraí cúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta. Is féidir dul ar na cúrsaí seo sa dara agus sa tríú bliain saor in aisce. Aon duine ar mian leis feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge i rith na bliana tá neart cúrsaí oíche ar fáil i lár na cathrach.

Suímh idirlín:
http://www.beo.ie/
Iris mhíosúil ar réimse leathan ábhar - saor in aisce
http://www.gaeilge.ie/
Eolaire na Gaeilge
http://www.clubsult.com/
Eolas faoi chúrsaí agus faoi imeachtaí sóisialta
http://www.tobar.ie/
Áiseanna múinteoireachta don Ghaeilge
http://www.mbm.8m.com/
Cleachtaí gramadaí
http://www.acmhainn.ie/
Foclóir mór agus nascanna le foclóirí eile
http://www.gaelscoileanna.ie/
Gaelscoileanna Teo.
http://www.cogg.ie/
An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta is Gaelscolaíochta
Obair ag an tríú leibhéal:
Molaimid do mhic léinn cleachtadh a dhéanamh go rialta ar a gcuid Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga idir labhairt, léamh agus scríobh. Tá neart úrscéalta sa leabharlann d'fhoghlaimeoirí fásta, cuid acu le dlúthdhioscaí.
Pacáiste Féinfhoghlamtha