ELeathanach 29
05 October 2009
Dé Luain 5 Deireadh Fómhair 2009
Eagrán speisialta! Fáilte ar ais chuig Eleathanach!
| Friends' ar cuairt Bhí an chéad eipeasóid den seó teilifíse ‘Friends' ar an teilifís cúig bliana déag ó shin. Is clár é faoi sheisear cairde óga. Tá siad ina gcónaí i Nua Eabhrac i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Mhair an seó teilifíse seo deich mbliana ach tá daoine an-dílis dó i gcónaí. Bíonn caifé le feiceáil go minic sa seó. "Central Perk" an t-ainm atá air. Anois chun an breithlá speisialta ‘Friends' a cheiliúradh (celebrate) tá an caifé cáiliúil sin oscailte i Soho i Londain Shasana. Bíonn timpeall naoi gcéad duine ag tabhairt cuairte air gach lá le caife a ól. Tá gúna Rachel ann agus tá iris Ross ann darb ainm "Science Boy". Cad is ainm do na cairde eile? Cén duine is fearr leat? Cén fáth? Tá ag éirí go han-mhaith leis an gcaifé. Ar an drochuair (unfortunately) dúnfaidh sé Dé Céadaoin 9 Deireadh Fómhair. | |
| Na Cluichí Oilimpeacha Beidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl i Rio de Janero sa bhliain 2016. Mar sin de, beidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl den chéad uair i Meiriceá Theas. Chuala muintir Rio an dea-nuacht Dé hAoine ag cruinniú i gCóbanhávan na Danmhairge. Bhí ceiliúradh mór ag muintir Rio ina dhiaidh sin. Bhí an-díomá ar mhuintir Mhadrid, Chicago agus Thóiceo. An bhfuil fhios agat cá mbeidh na Cluichí Oilimpeacha ar siúl in 2012? | |
| Alvin and the Chipmunks' Ar thaitin an scannán ‘Alvin and the Chipmunks' leat? "Thaitin cinnte", a deir tú! Bhuel tá nuacht mór againn duit agus cuirfidh sé áthas ort! Beidh ‘Alvin and the Chipmunks: The Squeakuel' ag teacht go dtí do phictiúrlann áitiúil ar an 26 Nollaig. Beidh guth Jesse McCartney le cloisteáil sa scannán. Deir na léirmheastóirí (critics) go bhfuil an scannán seo "an-ghreannmhar ar fad". Táimid go léir ar bís anois! | |
| An lá le lucht "Tá" Dé hAoine seo caite, bhí an dara reifreann ar chonradh Liospóin ar siúl. I bPoblacht na hÉireann tá cead ag gach duine vóta a chaitheamh, ach caithfidh siad bheith os cionn ocht mbliana déag d'aois. Sin trí mhilliún duine. Sa chéad Reifreann in 2008 chaith an tromlach (majority) Conradh Liospóin amach. Dé hAoine vótáil 58% de na vótálaithe sa tír. Vótáil dhá thrian (2/3) díobh "Tá" an uair seo. An bhfuil tusa sásta leis an toradh? | |
| An tSín ag Ceiliúradh Déardaoin seo caite, bhí ceiliúradh ollmhór i mBéising, príomhchathair na Síne. Sa bhliain 1949 bhunaigh An Páirtí Cumannach (The Communist Party) Daon-Phoblacht na Síne (The People's Republic of China) agus bhí muintir na Síne á cheiliúradh sin. Tír an-láidir í an tSín anois. Is í an tSín an ceathrú tír is mó ar domhan. Tá 1314 milliún duine ina gcónaí sa tSín, níos mó ná in aon tír eile ar domhan. Tá níos mó ná 200 teanga le cloisteáil sa tSín. | |
| Tiger Woods - An Billiúnaí! Tá an galfaire Tiger Woods an-saibhir. Tá níos mó ná billiún dollar buaite aige anois. Is é Tiger Woods an chéad bhilliúnaí spóirt. I mí Mheán Fómhair bhuaigh sé €6.8 milliún ($10 milliún dollar) sa ‘ FedEx Cup' (comórtas gailf). Bhuaigh sé níos mó airgid ná Michael Schumacher (tiománaí F1) agus Michael Jordan (cispheileadóir). Anois tá sé oifigiúil: is é Tiger Woods an pearsa spóirt is saibhre ar domhan. | |
"Investing in Your Future"