ELeathanach 23
10 March 2009Dé Luain 9 Márta 2009
"No Line on the Horizon" Albam Nua ó U2 ar fáil anois
Bhí U2 ar an nuacht cúpla uair an tseachtain seo. Tá an t-albam nua ar díol sna siopaí anois. Seo an dara halbam déag ón ngrúpa clúiteach seo ó Bhaile Átha Cliath.
Sheinn U2 ag coirm cheoil i Londain le déanaí. D'fhreastail 5000 duine ar an gcoirm cheoil agus bhí sí saor in aisce. Bhí U2 ag seinm ar dhíon fhoirgneamh an BBC. Ar chuala tú an tsingil nua fós? An mbeidh sé ina chnag (hit) mór, dar leat?
Bonn Cré-umha buaite ag Derval O'Rourke
Dé hAoine seo caite bhuaigh Derval bonn cré-umha nuair a tháinig sí sa tríú háit sa chliathrás 60m. Bhí sí ag rith ar raon faoi dhíon (indoor track) i gcraobhacha luthchleasaíochta na hEorpa a bhí ar siúl i Turin san Iodáil.
Níor thóg O'Rourke ach 7.97 soicind chun an rás a rith. Sular rith sí an rás bhí sí ag éisteacht leis an amhrán ‘'I'm Still Standing'' ó Elton John ar an iPod. De ghnáth éisteann sí le rapamhráin.
Christopher Nolan: An Scríbhneoir
Fuair Christopher Nolan bás le déanaí. Bhí sé 43 bliain.
Bhuail pairilis cheirbreach (cerebral palsy) é nuair a rugadh é. Nuair a d'fhás sé suas ní raibh sé ábalta labhairt ná gluaiseacht i gceart.
Nuair a bhí sé an-óg scríobh sé filíocht agus scéalta agus bhain siad clú agus cáil amach dó ar fud an domhain. Tá amhrán ag U2 faoi Christopher ar an albam "How to Dismantle an Atomic Bomb". Is é "Wonder Drug" an teideal atá ar an amhrán.
Scríobh sé gach uile rud ar a ríomhaire le slaitín ceangailte lena cheann. Scríobh sé a chéad leabhar nuair a bhí sé 15 bliana d'aois.
Seachtain na Gaeilge 09
Tá Seachtain na Gaeilge 09 ar siúl ón 2 - 17 Márta. Tá Quiz ar fáil ar an suíomh
http://www.snag.ie/files/downloads/LLScoileanna09Bun.pdf-26012009-100922.pdf . Seo ceann de na ceisteanna:
Cén saghas tí atá ag SpongeBob Squarepants? Féach ar an suíomh agus bain triail as na ceisteanna eile
"Investing in Your Future"