ELeathanach 17
18 December 2008Dé Luain 15 Nollaig 2008
An Nollaig sa Ghearmáin
Téann na sluaite go dtí an Ghearmáin gach Nollaig. Bíonn margaí áille le feiceáil i ngach cathair sa tír. Is féidir bréagáin, maisiúcháin, seodra, bia Gearmánach agus bronntanais a cheannach sna margaí.
Ba iad na Gearmánaigh a mhaisigh an crann Nollag den chéad uair. Cuireann na Gearmánaigh brioscaí ar a gcrainn Nollag. Mínigh an frása Gearmánach Frohe Weihnachten.
X Factor
Bhí Craobh an X Factor ar siúl Dé Sathairn. Bhí Eoghan Quigg (16 Bliain) ó Chontae Dhoire sa tríú háit. Chan an tÉireannach óg an t-amhrán Nollag "I Wish It Could Be Christmas Everyday" agus bhí sé go hiontach ar fad. Is féidir le hEoghan bheith an-bhródúil as féin. Tá glór álainn aige. Is cinnte go gcloisfimid uaidh arís go luath. Is í Alexandra Burke ó Londain a bhuaigh i mbliana. Chan sí an t-amhrán ‘Hallelujah'. Bhí JLS sa dara háit. Chaith ocht milliún duine vóta ar an oíche! An raibh díomá nó áthas ort nuair a chuala tú gur bhuaigh Alexandra?
Ceolchoirm Childline
Beidh grúpaí ceoil idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an 16 Nollaig 2008 don cheolchoirm speisialta ‘Childline '. Beidh siad go léir ag seinm den chéad uair san airéine O2 sa ‘Point Village'. Beidh Enrique Iglesias, Boyzone, The Script agus The Saturdays ann.
Beidh an seó ar siúl Dé Máirt ach mura bhfuil ticéad agat ná bí díomách, tá seans eile agat!- Craolfaidh RTÉ an clár ar RTÉ 2 Dé hAoine 19 Nollaig 2008 ar a seacht a chlog!
Tá na hIspíní ar ais
An tús na seachtaine seo caite chualamar go raibh sé dáinséarach muiceoil a ithe. Bhí orainn na hispíní, na slisíní, an bágún agus an liamhás a chaitheamh amach nó a thabhairt ar ais go dtí na siopaí. Tharla an fhadhb i monarcha i gCo Cheatharlach. Déanann an monarcha bia do mhuca. D'úsáid an monarcha ola neamhdhlíthiúil agus chruthaigh an ola sin múcha (fumes). Mheasc na múcha leis an mbia agus rinne siad an dochar.
Slán Sábháilte ón bhFarraige
An tseachtain seo caite bhí cuardach farraige agus aeir ar siúl amach ó chósta thiar na hÉireann toisc go raibh trálaer ar iarraidh le trí lá.
I lár na seachtaine, d'fhág an bád iascaireachta Dún na nGall le dul go Ros a' Mhíl i gCo na Gaillimhe ach níor bhain sí an áit amach san am ceart. Ní raibh tásc ná tuairisc ón triúr a bhí ar bord.
Is cosúil go raibh fadhb ag an gcriú leis an inneall. Bhí an bád ar snámh ochtó ciliméadar amach ón gcósta ach d'éirigh leis an gcriú an t-inneall a dheisiú ansin.
Shroich siad Ros a'Mhíl ar deireadh ag a cúig a chlog ar maidin Dé Domhnaigh.
Nollaig Shona ó Eleathanach
Guíonn foireann ELeathanach Nollaig shona dár léitheoirí go léir. Tá súil againn go mbeidh cuairteoir féasógach agaibh go léir Oíche Nollag!
Ná déanaigí dearmad nóta buíochais a fhágáil dó. Agus tá an Ghaeilge i measc na dteangacha a labhraíonn sé.
Scríobhaigí beannacht i nGaeilge ar bhur gcártaí Nollag chuig bhur gcairde agus bhur ngaolta chomh maith m. sh. "Beannachtaí na Nollag ort"; "Go raibh Nollaig shona agat"; " Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise".
Agus leis an nuacht is déanaí a leanúint faoi thuras Dhaidí na Nollag lena chuid fianna féachaigí ar http://www.noradsanta.org/ idir seo agus Oíche Nollag.
ELeathanach Choláiste Oideachais Froebel i gcomhpháirt leis an Idirbhliain, Coláiste Alexandra, BÁC 6.
"Investing in Your Future"