ELeathanach 26
30 March 2009Dé Luain 30 Márta 2009
Earth Hour 2009
Bhí Earth Hour 2009 ann Dé Sathairn ag 8.30 - 9.30 i.n. Is feachtas é seo i gcoinne athrú na haeráide. Mhúch go leor daoine a soilse timpeall an domhain ar feadh uair an chloig.
In Éirinn, mhúch an rialtas na soilse i dTeach an Chustaim, i bhFoirgnimh an Rialtais agus i dTeach Laighean.
Mhúch rialtas Londain soilse Big Ben agus ní raibh soilse ar bith le feiceáil i gcaisleán Dhún Éideann ach oiread. Tá níos mó eolais faoi Earth Hour ar an suíomh idirlín www.earthhour.org
Éire 1 - An Bhulgáir 1
D'imir Éire in aghaidh na Bulgáire i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn ag 7.30 i.n. D'éirigh le Richard Dunne cúl a fháil sa chéad nóiméad. Ach fuair Petrov cúl don Bhulgáir 18 nóiméad roimh dheireadh an chluiche. Ba é Kevin Doyle laoch na himeartha.
Tá foireann <Ghiovanni Trapattoni sa dara háit ina ngrúpa. Tá siad dhá phointe taobh thiar den Iodáil. Ar bhreathnaigh tú ar an gcluiche? Cad a cheap tú faoi?
Beidh an chéad chluiche eile i gcoinne na hIodáile ar siúl Dé Céadaoin i mBari, san Iodáil.
'Am Samhradh'
Chuaigh na cloig ar aghaidh uair an chloig maidin Dhomhnaigh ag 1 r.n. An t-ainm atá ar an athrú ama seo ná ‘Am Samhradh.' Beidh tráthnónta níos faide againn anois!
Ní bheidh athrú eile ann go dtí Mí Dheireadh Fómhair. Rachaidh na cloig siar uair an chloig ar an 25 Deireadh Fómhair 2009. An t-ainm atá ar an athrú sin ná ‘Am Geimhridh'.
Sráidbhaile éiceolaíoch i gContae Thiobraid Árann
Tá tógálaithe ag tógáil 130 teach nua i gCloch Shiúrdáin, Contae Thiobraid Árann. Beidh an-bhéim ar fhuinneamh gréine, fheirmeoireacht agus choillteoireacht sa sráidbhaile seo.
Beidh go leor crann cnónna agus torthaí sa sráidbhaile. Is smaoineamh maith é an sráidbhaile. Cabhróidh sé go mór leis an timpeallacht agus troidfidh sé in aghaidh athrú aeráide.
"Investing in Your Future"