Seoladh na Gaeilge 2009
23 October 2009Seoladh na Gaeilge 2009
Bhí Seoladh na Gaeilge ar siúl Déardaoin 8 Deireadh Fómhair 2009 i gColáiste Oideachais Froebel. Bhronn Seosamh ó Coinne ó Fhoras na Gaeilge na scoláireachtaí ar mhic léinn an choláiste i labhairt na teanga agus modhanna múinte. Bhí idir mhic léinn agus léachtóirí i láthair ag an ócáid speisialta seo. Cuireadh na cluichí Gaeilge a dhearbhaigh na mic léinn do na páistí bunscoile ar taispeáint. Sheinn an grúpa traidisiúnta agus bhí sóláistí i ndiaidh na hócáide. Chuir Roinn na Gaeilge agus Uachtarán an Choláiste, Marie Mc Loughlin, fáilte mhór roimh an léachtóir nua le modhanna múinte na Gaeilge, Fiona Nic Fhionnlaoich ag an seoladh.
"Investing in Your Future"