Froebel College of Education

Coláiste Oideachais Froebel

ELeathanach, An Duais Eorpach do theangacha

29 September 2009

Ar an Aoine 25 Meán Fómhair 2009 bronnadh an Duais Eorpach do Theangacha ar an tionscadal ‘ELeathanach'. Bhí an bronnadh ar siúl i Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce agus d'fhreastail Séamie Ó Néill, Máire Nic an Bhaird agus Fiona Nic Fhionnlaoich ó Choláiste Oideachais Froebel agus Reubon Ó Conluain agus ceathrar daltaí ó Choláiste Alexandra ar an mbronnadh. Bhí taispeántais shuimiúla ag na buaiteoirí a léirigh an obair a rinne siad chun teangacha éagsúla a chur chun cinn. I measc na n-aíonna bhí David Crystal, teangeolaí cáiliúil ón mBreatain Bheag agus Emer Costello, Ard-mhéara na cathrach. Chuir Séamie Ó Neill tús le Eleathanach dhá bhliain ó shin agus le cabhair Fhoras na Gaeilge, Choláiste Alexandra, COGG agus léachtóirí Choláiste Oideachais Froebel tá an tionscadal ag dul ó neart go neart. Is nuachtlitir leictreonach í le hailt a mhúsclaíonn spéis na ndaltaí. Tá sé dírithe ar rang a sé sa bhunscoil ach baintear úsáid as sna meánscoileanna agus le foghlaimeoirí fásta chomh maith. Bíonn an Eleathanach ar fáil gach Luan ar shuíomh Froebel. www.froebel.ie. Bhí an Giúiré an-tógtha le ‘ELeathanach' agus cheap siad gur ‘tionscadal fíorchruthaitheach úrnua é seo, bíodh is go bhfuil sé simplí'