Froebel College of Education

Coláiste Oideachais Froebel

Eleathanach 35

23 November 2009

Dé Luain 23 Samhain 2009

Corn an Domhain

Tá a fhios ag gach duine nach mbeidh foireann sacair na hÉireann ag dul go dtí Comórtas Chorn an Domhain san Afraic Theas anois.

Dé Céadaoin seo caite bhí foireann na hÉireann ar fheabhas i gcoinne fhoireann na Fraince agus scóráil Robbie Keane cúl iontach.

Ar deireadh scóráil na Francaigh cúl tar éis do Thierry Henry an liathróid a bhualadh lena lámh.  Ní fhaca an réiteoir ná an maor líne é ach chonaic na milliúin eile ar fud an domhain é.

NASA "Tá uisce ar an nGealach!"

An mhí seo caite chaith NASA roicéad agus satailít isteach i gcráitéar ar an nGealach.  Nuair a bhuail an roicéad an Ghealach bhí sé ag taisteal ag 9000 km san uair. 

Bhí an tsatailít ag leanúint an roicéid. Chonaic NASA oighear agus gal uisce le ceamaraí ar an tsatailít. Ansin bhuail an tsatailít an Ghealach.

Mar gheall ar an uisce b'fhéidir go mbeidh daoine in ann fanacht ar an nGealach lá éigin.  Idir 1969 agus 1972 shiúil dhá spásaire déag ar an nGealach.  Cad ab ainm don chéad duine a rinne é?

Tá Jedward imithe!

An seisear a bhí fágtha sa chomórtas, chan siad amhráin ó Wham.

Ní bhfuair Jedward ná Ollie go leor vótaí agus bhí orthu canadh arís chun fanacht sa chomórtas.

Chan Jedward No Matter What agus chan Ollie You Look Wonderful Tonight.

Mheas na moltóirí go raibh Ollie níos fearr. An aontaíonn tú leis sin?

Scannáin nua

 A Christmas Carol

Tá an bheochan "A Christmas Carol" sna pictiúrlanna ar fud na tíre. Is é ‘Ebenezer Scrooge' an príomhcharachtar.  Tugann Jim Carrey a ghlór do ‘Scrooge'.

Na daoine atá ag féachaint ar an mbeochan cuireann siad spéaclaí speisialta orthu féin mar is beochan thríthoiseach (3T) í freisin.

Scríobh Charles Dickens an leabhar ‘A Christmas Carol'. Cén scannán eile a rinne Jim Carey faoin Nollaig? (Nod: Scríobh Dr Seuss an leabhar).

New Moon

Bhí an scannán "Twilight" sna pictiúrlanna i mbliana, agus anois tá an scannán is déanaí "New Moon" iontu.

Tá a lán daoine óga ag léamh na scéalta "Twilight" le Stephenie Meyer faoi láthair. Tá ceithre leabhar sa tsraith. Tá na leabhair seo scanrúil go leor.

Tá na leabhair faoi na heachtraí a tharlaíonn d'Isabella (Bella) Swan i Meiriceá. Buaileann sí le vaimpírí agus le conriochtáin.