Froebel College of Education

Coláiste Oideachais Froebel

Eleathanach 36

30 November 2009

Dé Luain 30 Samhain 2009

Scoil dúnta!

Dé Máirt seo caite bhí stailc mhór ar siúl ar fud na tíre.  Bhí scoileanna, coláistí, ospidéil, cúirteanna, agus áiteanna eile dúnta. Íocann an Rialtas múinteoirí, altraí, Gardaí, agus saighdiúirí.

Stop 250 000 de na daoine seo ag obair mar níl siad sásta leis an Rialtas.  Níl a lán airgid ag an Rialtas agus tá eagla ar na daoine seo go ngearrfaidh an Rialtas a gcuid pá.  Tá seans go mbeidh stailc eile ann Déardaoin.

 

Seó na mBréagán ar an Late Late Show

Ar fhéach tú ar Sheó na mBréagán ar an Late Late Show oíche Dé hAoine?  Chuir Ryan Tubridy an seó i láthair. 

Bhí a lán páistí óga páirteach sa seó.  Bhí cuid acu ag damhsa, cuid acu ag canadh agus cuid eile acu ag cur síos ar na bréagáin. 

Bhí Westlife agus an cúpla cáiliúil John agus Edward Grimes ar an seó freisin.  Cén bréagán ar an gclár is fearr leatsa?

 

Éire faoi uisce.

Tá a lán damáiste déanta ag na tuillte do thithe, do shiopaí agus d'fheirmeacha san Iarthar agus sa Deisceart. 

Tá fadhbanna sna contaetha seo: Corcaigh, An Clár, Tiobraid Árann; Ceatharlach, Luimneach, Uíbh Fhailí agus Gaillimh. Bhí tuillte sna háiteanna sin nuair a bhris an tSionainn agus aibhneacha eile amach thar a mbruacha.

Tá timpeall 600 teaghlach imithe óna dtithe féin.  I gCathair Chorcaí ní féidir an t-uisce a ól i gcúpla áit mar rinne na tuillte a lán damáiste don Stáisiún Uisce.  Bhí timpeall 18,000 daoine gan uisce.  

Thug An Taoiseach cuairt ar na háiteanna is measa an tseachtain seo caite.

 

An Rugbaí: Éire v An Afraic Theas

Bhí an aimsir an-cheomhar agus an-fhuar i bPáirc an Chrócaigh, Dé Sathairn seo caite.   Ní raibh sé éasca rugbaí a imirt, ach bhuaigh Éire an cluiche leis an scór:  Éire 15, An Afraic Theas 10. 

Bhí Jonathan Sexton ina leathchúlaí amuigh, nó ‘fly-half' in ionad Ronan O'Gara.  Scóráil sé cúig phointe dhéag d' Éirinn agus tá mé cinnte go mbeidh sé ag imirt d'fhoireann na hÉireann arís! Ba é Rob Kearney "Laoch an Chluiche'.  

Níor chaill foireann rugbaí na hÉireann aon chluiche i mbliana!