ELeathanach 27
28 April 2009Dé Luain 27 Aibreán 2009
Miley Cyrus | |
Rugadh Miley Cyrus ar an 23 Samhain 1992. Bíonn sí ag aisteoireacht ar an gclár Disney, Hannah Montana. An bhfaca tú an clár Hannah Montana riamh? Beidh an scannán Hannah Montana ag teacht go pictiúrlanna na hÉireann ar an 1 Bealtaine 2009. Is é ‘The Climb' a singil nua agus canann sí í sa scannán. An mbeidh tú ag dul go dtí an phictiúrlann chun an scannán a fheiceáil i mí na Bealtaine? Tá Miley Cyrus an-saibhir. Thuill sí $25 milliún sa bhliain 2008. | |
Roy Keane | |
Rugadh Roy Keane i gContae Chorcaí sa bhliain 1971. Bhí sé ag imirt sacair do Manchester United ach d'fhág sé an fhoireann sin sa bhliain 2005. Is é Roy Keane an bainisteoir nua atá ag foireann Sacair Ipswich. Thosaigh sé a phost Déardaoin seo caite. Tá conradh dhá bhliain sínithe aige. Níl ag éirí go rómhaith le foireann sacair Ipswich faoi láthair. Tá gach duine ag súil go gcabhróidh Roy Keane go mór leis an gclub sacair. | |
Tarbh san Ollmhargadh i gContae Mhaigh Eo | |
Déardaoin seo caite (23 Aibreán 2009) bhí margadh na n-eallaí ar siúl i mBaile an Róba, Co Mhaigh Eo. Chuaigh tarbh ón margadh isteach chuig Super-Valu agus rith sé timpeall an tsiopa. Bhí an-chuid custaiméirí sa siopa nuair a chuaigh an tarbh isteach. Bhí go leor daoine ag obair ann chomh maith. D'éalaigh an tarbh ón siopa agus ní raibh aon duine gortaithe. | |
Susan Boyle | |
Chan Susan Boyle ‘I Dreamed a Dream' ón gceoldráma Les Miserables. Bhí sí ar an gclár Britain's Got Talent. Tá sí 47 bliain d'aois. B'Éireannaigh iad a tuismitheoirí. Téann sí ar oilithreacht go Knock go minic agus canann sí ann. Is breá le Simon Cowell an t-amhránaí seo. An gceapann tú go mbeidh an bua ag Susan sa chomórtas Britain's Got Talent? | |
"Investing in Your Future"