Froebel College of Education

Coláiste Oideachais Froebel

ELeathanach 24

16 March 2009

 

Dé Luain 16 Márta 2009

 

The Secret of Kells'

Tá scannán nua darbh ainm "The Secret Of Kells"sna pictiúrlanna. Is scannán Éireannach é faoi bhuachaill beag darbh ainm Brendan agus faoin leabhar cáiliúil sin an Leabhar Cheanannais.

Is scannán eachtraíochta é agus tá an scéal suite i mainistir in Éirinn sa naoú haois. Tugann Brendan cabhair do na manaigh sa mhainistir chun an leabhar a chríochnú ach bíonn gach duine i mbaol sa scannán nuair a thagann na Lochlannaigh.

Is scannán iontach é "The Secret of Kells" agus tá sé ar siúl beagnach gach lá sa phictiúrlann an tseachtain seo! Bainigí taitneamh as!

 

Éire 22 - Albain 15

Bhí foireann rugbaí na hÉireann ag imirt in aghaidh fhoireann rugbaí na hAlban Dé Sathairn. Ba chluiche spreagúil é. Bhuaigh foireann na hÉireann.

Ghnóthaigh Jamie Heaslip an t-aon úd sa chluiche. Ba é Peter Stringer laoch na himeartha. Beidh An Bhreatain Bheag ag imirt in aghaidh fhoireann na hÉireann Dé Sathairn seo chugainn. Tá an-seans ann go mbuafaidh foireann rugbaí na hÉireann an ‘Grand Slam'. An mbeidh tú ag breathnú ar an gcluiche?

 

The All Ireland Talent Show'

Bhí an craobh den ‘All Ireland Talent Show' ar siúl Dé Domhnaigh. Bhí 6 ghrúpa sa chraobh. Chan Boyzone a n-amhrán ‘Love you anyway'. Is moltóir é Shane Lynch ar an gclár.

Tháinig an buachaill óg Jack Lynch (B Boy Six) sa dara háit agus bhuaigh na deartháireacha Mulkerrin ó Inis Mór an craobh. Tá €50,000 buaite ag na deartháireacha.

Cá bhfuil Inis Mór? Cén teanga a labhraíonn muintir an oileáin?

 

Lá Fhéile Pádraig - 17 Márta

Is é Naomh Pádraig éarlamh na hÉireann. Thóg sé an Chríostaíocht go hÉirinn. Tá Lá Fhéile Pádraig ar an seachtú lá déag de mhí na Márta. Ba é Naomh Pádraig a chuir an ruaig ar na nathracha nimhe as Éirinn.

Beidh mórshiúl ar siúl i mbeagnach gach baile in Éirinn Dé Máirt. Beidh na páistí uile ag caitheamh éadaí glasa agus beidh seamróga, bratacha agus péint aghaidhe le feiceáil ar fud na hÉireann agus i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Cad a dhéanfaidh tú Dé Máirt?