Froebel College of Education / Coláiste Oideachais Froebel

Scéim na Scoláireachtaí

i gcomhairle le Foras na Gaeilge

Séamie Ó Néill, Ceann Oideachais, agus Seosamh Ó Coinne, Foras na Gaeilge ag bronnadh na scoláireachtaí

 

Buíochas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, is mór an chúis áthais don Choláiste é go bhfuil sé in ann scoláireachtaí a thairiscint do mhic léinn sna réimsí thíosluaite:

  • An Teanga Labhartha - scoláireachtaí ar fáil dóibh siúd a dhéanann an dul chun cinn is mó ón gcéad bhliain go dtí an dara bliain, agus dara bliain go dtí an tríú bliain.

  • Modhanna múinte - Áiseanna teagaisc: scoláireachtaí ar fáil do na tionscadail is fearr i Modhanna Múinte na Gaeilge sa dara bliain is sa chúrsa iarchéime. Foilseofar iad mar phacáiste áiseanna do mhúinteoirí bunscoile.

 
Cóip den teastas a bhronntar ar mhic léinn na scoláireachtaí