Pacáiste Féinfhoghlama & Áiseanna na Mac Léinn
Cruthaíodh an pacáiste féinfhoghlama ag Roinn na Gaeilge cúpla bliain ó chun deus a
Leagan amach den phacáiste |
Cuirtear leagan nua den phacáiste féinfhoghlama ar fáil gach bliain. Tá an pacáiste ar fáil chun staidéar féinstiúrtha a leagan amach do mhic léinn atá ag iarraidh feabhas a chur ar a scileanna teanga.
Feachtas Cruinnis na Gaeilge: Cuireadh tús leis an gcéad bhliain le feachtas cruinnis i mbliana leis an gcéad bhliain le míniú cuimsitheach curtha ar fáil de na buntáistí i scríobh na Gaeilge áiseanna an Choláiste a úsáid, idir áiseanna na leabharlainne agus ríomh-áiseanna.
Clár tacaíochta na Gaeilge: tá tús curtha le clár don bhliain do mhic léinn gur féidir le mic léinn a léirigh laigí sa teanga roghnú ó shraith féidireachtaí chun obair leanúnach fhéinstiúrtha a dhéanamh sa teanga.
Ranganna Teagaisc do Chleachtadh Múinteoireachta: Bíonn sraith ranganna teagaisc do mhic léinn a léirigh laigí
áirithesa Ghaeilge ar chleachtadh múinteoireachta i gcaitheamh na bliana. Díríonn na ranganna seo ar dheacrachtaí i scríobh na Gaeilge. Go speisialta, caitear am ag cur barr feabhais ar cheart-úsáid na mbriathra.
An Leabharlann: Ceannaítear áiseanna nua i gcomhair na mac léinn gach bliain. I mbliana cuireadh béim ar leabhair a thaitneodh go mór le páistí scoile agus a bheadh úsáideach i gcomhair chleachtadh múinteoireachta. Ceannaíodh dlúthdhioscaí, gearrscannáin, greannáin agus leabhair. Ina measc ceannaíodh sraith leabhar ‘Bímis ag Caint faoi'. Tá ceithre leabhar sa chnuasach a chabhraíonn go mór le OSPS.
An bhfuil rún agat
Céard a Tharla idir Mamaí agus Daidí?
Is Cuimhin Liom Rolo
Gach Dath Faoin Spéir