Froebel College of Education / Coláiste Oideachais Froebel

Modúil roghnacha na Gaeilge

Bliain 2: Gaelscoileanna

  • Cuirtear an modúl ar Ghaelscoileanna ar fáil le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

  • Féachann an cúrsa seo le deis a thabhairt do mhic léinn atmaisféar agus saol laethúil Gaelscoileanna a bhlaiseadh. Bíonn súil ann go bhfeicfí na buntáistí a bhaineann le múineadh i nGaelscoil.

  • Bíonn súil ann freisin go bhfaighfí tuiscint ar na dúshláin a bhaineann le Gaelscoileanna agus ar an gcaoi is fearr len' iad a shárú.

  • Tugtar cuairt ar Ghaelscoil amháin le scóip iomlán a thabhairt labhairt le páistí agus le múinteoirí ar aon.

  • Bíonn aoi-chainteoirí agus seisiúin ar fáil sa Choláiste chun an tuiscint atá ag an mac léinn ar obair i nGaelscoil a leathnú.


Páistí sa seomra ranga i Scoil Chualann i mBré


Bliain 4: An Ghaeilge ar Scoil

Cuirtear an modúl An Ghaeilge ar Scoil fáil le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Díríonn an cúrsa ar thrí shainréimse:

  1. 1. Scileanna praiticiúla na Gaeilge agus Gaelscolaíochta atá le foghlaim ó Churaclam na

  2. Bunscoile (1999);

  3. 2. Litríocht i nGaeilge sa seomra ranga bunscoile, agus Gaelscoile; agus

  4. 3. Measúnú agus Difreáil leis an nGaeilge, agus sa Ghaelscoil tré chéile.