Froebel College of Education / Coláiste Oideachais Froebel

Gaeltacht

  • Bíonn ar gach mac léinn dul go dtí an Ghaeltacht chun coinníollacha na Roinne Oideachais a shásamh. Tá dhá rogha ann:

    • Trí seachtaine a chaitheamh i mí an Mheithimh ag deireadh Y1 (HD 1); nó

    • Dhá sheachtain a chaitheamh um Cháisc in Y1 (HD 1) agus dhá sheachtain a chaitheamh um Cháisc in Y2 (HD 2). Ní ghá dóibh fanacht sa Choláiste chéanna an uair sin.

  • Maoiníonn an Roinn Oideachais na cúrsaí seo, agus cuireann CONCOS (Comhchoistí Náisiúnta na gColáistí Samhraidh) cúrsaí áirithe ar fáil sa tslí seo.

  • Bíonn seisiún earcaíochta ann do na mic léinn. Déanann na hionadaithe cur i láthair agus ansin bíonn deis ag na mic léinn ceisteanna a chur orthu.

Tá cúig cinn de Choláistí ar fáil de ghnáth:

  • Coláiste Cholmcille, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill

  • Coláiste Loch Con Aortha, Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe

  • Coláiste Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

  • Coláiste Isliomáin, Inis Meáin, Oileáin Arann

  • Coláiste Chorca Dhuibhne, Trá Lí, Co. Chiarraí


Scoláirí ag dreapadh sléibhe sa Ghaeltacht