Gaelscoileanna
Tá nasc láidir idir Coláiste Oideachais Froebel agus na Gaelscoileanna sa cheantar máguaird agus timpeall na tíre.
Bíonn cuireadh ag príomhoidí ó Ghaelscoileanna freastal ar imeachtaí sa choláiste nó teacht isteach mar aoi-léachtóirí.
Bíonn tacaíocht curtha ar fáil do mhic léinn atá ag iarraidh cleachtadh múinteoireachta a dhéanamh i nGaelscoil. Roimh gach tréimhse ar Chleachtadh Múinteoireachta bíonn seisiúin dheonacha do scoláirí atá lonaithe i nGaelscoil.
Freastalaíonn beirt léachtóirí ó Roinn na Gaeilge ar Chomhdháil Bhliantúil Ghaelscoileanna chun bualadh le daoine atá ceangailte le pobal na Gaelscolaíochta.
Colmán Ó Drisceoil, Príomhoide Scoil Lorcáin, Baile na Mannach ag Oíche Mhór na Gaeilge