E-leathanach
Is nuachtlitir leictreonach í le hailt a mhúsclaíonn spéis na ndaltaí. Tá sé dírithe ar rang a sé sa bhunscoil ach baintear úsáid as sna meánscoileanna agus le foghlaimeoirí fásta chomh maith. Bíonn an E-leathanach ar fáil gach Luan ar shuíomh Froebel. www.froebel.ie.
Chuir Séamie Ó Neill tús le E-leathanach i 2007 agus le cabhair Fhoras na Gaeilge, Choláiste Alexandra, COGG agus léachtóirí Choláiste Oideachais Froebel tá an tionscadal ag dul ó neart go neart.
Cuirtear ábhar ar fáil ó scoláirí i gColáiste Alexandra; cuireann léachtóirí Choláiste Oideachais Froebel in eagar é. Déanann COGG profa ar chomh maith le maoiniú a chur ar fáil don nuachtlitir.
I 2009 bronnadh an Duais Eorpach do Theangacha ar an tionscadal ‘E-leathanach'. Bhí an Giúiré an-tógtha le ‘E-leathanach' agus cheap siad gur ‘tionscadal fíorchruthaitheach úrnua é seo, bíodh is go bhfuil sé simplí'.
Seoladh eagrán 50 de E-leathanach ar Lá Froebel, Déardaoin 22 Aibreán 2010.