Froebel College of Education / Coláiste Oideachais Froebel

An Cumann Gaelach

Tá Cumann Gaelach láidir againn anseo sa Choláiste, ár mbuíochas le hoifigigh na Gaeilge thar na blianta. Feidhmníonn sé faoi choimirce Aontas na Mac Léinn sa Choláiste, a bhfuil gaol maoinithe aige leis chomh maith. Cuirfear fáilte roimh ghach aon bhall den Choláiste, idir mhic léinn, iarchéimithe agus foireann a bheith páirteach sa Chumann.

Is iad seo a leanas na haidhmeanna atá ag an gCumann Gaelach:

  • Pobal Gaeilge a chothú sa Choláiste;

  • An Ghaeilge a fhorbairt sa Choláiste agus í a spreagadh i measc mhuintir an Choláiste;

  • Gnéithe eile den chultúr dhúchasach a chothú sa Choláiste trí mheán na Gaeilge; agus

  • Cabhair a thabhairt do scoláirí uile an Choláiste taitneamh agus tairbhe a bhaint as foghlaim na Gaeilge sa chaoi is go spreagfaidh siad an díograis chéanna sna páistí a bheidh faoina gcúram.

An Seomra Caidrimh

Is áis iontach í an Seomra Caidrimh. Baineann na mic léinn úsáid as i rith an lae agus baintear úsáid as go minic chun ócáidí éagsúla a cheiliúradh um thráthnóna. Bhí ócáid cheiliúrtha an Chumainn Ghaelaigh agus neart imeachtaí eile ar siúl sa seomra álainn i rith na bliana 2009/2010. Is í aidhm an tseomra ná ‘an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a spreagadh i measc na mac léinn ar bhealach compordach, taitneamhach, neamhfhoirmiúil.'

Coiste an Chumainn Ghaelaigh

Tá tuairim is beirt mhac léinn déag ar Choiste na Gaeilge (2011/2012): Tá Ruth Stafford agus Clíodhna Ní Chonaill ina n-Oifigeach na Gaeilge ó Mheán Fómhair 2011. Ta go leor oibre ar siúl ag an gcoiste gaelach i mbliana.

 

An Cumann Gaelach ag Oireachtas na Samhna       Lá Spóirt i rith Sheachtain na Gaeilge